Drumshee series: Children's books on Irish History

Cora Harrison, Children's Author

Home|The Burren|Guestbook| Reviews|Gaelic|Books|Buy

 

Dhá Chorp


Cora Harrison


Úna Ní Chonchúir a d’aistrigh


 

AR CHEANNLÍNTE an pháipéir áitiúil Déardaoin a chonaic mise é. Corruair a cheannaím an páipéar ach scéal maith a bhí anseo, cheap mé féin.

 

‘Cool,’ a deir Seán nuair a thaispeáin mé dó é. ‘Chuirfinn geall gurb é an chaoi ar dúnmharaíodh iad.’ ‘Cé atá ar iarraidh?’ a deir Breandán. Tá Breandán níos ‘cool’ ná duine ar bith eile ar mheánscoil na mBráithre Críostaí, an CBS.

‘An bhfuil tú in ann cuimhneamh ar dhuine ar bith a d’imigh gan tásc gan tuairisc?’

Bhreathnaíomar uile ar a chéile.

‘Agatsa a bheadh a fhios, a Tom,’ arsa Diarmaid. ‘Tá teach ósta ag d’athairse. Ba cheart go mbeadh na scéalta uile agatsa.’

‘Bhuel, ní scaoileann sé isteach sa bheár mé,’ a deirimse. ‘Sa chisteanach a bhímse go hiondúil, ag níochán gloiní. Is beag duine a thagann isteach san áit s’againne ar aon nós. Tigh Uí Raghallaigh a théann siad uile.’ Áit mhór ghalánta ar an gcearnóg a bhí i dteach ósta Uí Raghallaigh agus ní raibh san áit s’againne ach púirín beag seanfhaiseanta.

‘Ar aon chaoi,’ a deir Brian, ‘deir sé gur coirp atá ann, ach chuile sheans nach bhfuil ann ach cnámharlaigh. Tá mé cinnte go dtógann sé scaitheamh fada cnámharlach a dhéanamh de chorp, mar sin tá siad ann le píosa.’

Bhuail an clog ansin agus chuamar uile isteach – rang dúbailte bitheolaíochta – bíonn sé uafásach leadránach go hiondúil, cé go mbíonn spraoi againn ag spochadh as Iníon Uí Mhainnín atá díreach críochnaithe ar an gcoláiste.

‘A Mháistreás,’ a deir Breandán an dá luath a shuíomar síos. ‘A Mháistreás, cén fad a thógfadh sé corp a iompú ina chnámharlach?’

‘Braitheann sé,’ a deir Iníon Uí Mhainnín, ag iarraidh neamhshuim a dhéanamh den ealaín a bhí ar siúl ag Brian le Conchúr.

‘Braitheann sé ar céard?’ a deir Breandán.

‘Braitheann sé ar an áit a mbeadh an corp curtha.’

‘Abair gur faoi chláir urláir a bhí siad?’ ‘Ó,’ a deir Iníon Uí Mhainnín agus í ag gáire. ‘Ag caint faoi na coirp a fuarthas sa siopa atá tú. Bhraithfeadh sé sin ar an gcineál talaimh ar tógadh an teach air sa chéad áit. Bhí duine de na múinteoirí ag rá liom gur gheall le portach an talamh thart ansin tráth den saol. Más fíor di, mhairfeadh na coirp na blianta – d’fhéadfaidís a bheith ann le céad bliain, cúpla míle bliain fiú, sula ndéanfaí cnámharlaigh díobh.’

‘Mar sin, d’fhéadfadh sé go bhfuil na coirp ansin le cúpla mí, nó d’fhéadfadh sé go bhfuil siad ann le céad bliain, cá bhfios,’ a deir Brian, ag tabhairt suaimhnis do Chonchúr.

Bhreathnaigh Iníon Uí Mhainnín timpeall an ranga. Bhí sí fíorshásta ag breathnú, shílfeá. B’in é an chéad uair ó mhí Mheán Fómhair a d’éist duine ar bith léi.

‘Más é sin é, faigh amach an bhfuil feoil ar na coirp, nó an cnámharlaigh atá iontu,’ a deir sí. ‘Agus nuair a bheidh an t-eolas sin againn, inseoidh mé tuilleadh daoibh. Anois, osclaígí bhur gcuid leabhar ar leathanach 47 agus breathnóimid ar bhaill an bhlátha.’

Stop gach uile dhuine ag éisteacht agus thosaigh ag caint.

‘Cuirfidh mise téacs chuig Sinéad agus déarfaidh mé léi na cailíní eile a thabhairt léi ón gclochar,’ a deir Breandán, ag tógáil amach fón póca. ‘Feicfimid thíos ansin ag am lóin iad.’

Chuir mé féin teachtaireacht téacs chuig Fiona – nílimid ag dul amach ach is comharsana muid agus scaití siúlaimid ar scoil le chéile.

 

Thosaigh siad uile ag téacsáil a gcuid cailíní ansin – agus an chuid nach raibh aon chailín i scoil an chlochair acu, thosaigh siad ag cur téacsanna chuig a gcuid cairde sa ghairmscoil agus bhí ciúnas sa rang go ceann cúpla nóiméad. Bhí an gnáthghleo ann ina dhiaidh sin, go raibh sé in am lóin.

 

BHÍ AN CHEARNÓG dubh le daoine nuair a chuamar síos ann ag am lóin. Is iondúil go mbíonn Cill Tíomóin fíorchiúin Déardaoin, ach bhí gach uile ghob naoscaí ann inniu – bhí an cúpla turasóir féin ann cé nach é seo an t-am dóibh, agus iad ag bladar i nGearmáinis nó i Spáinnis nó i dteanga aisteach éigin eile.

Bhí slua mór cailíní ón gclochar ann ag sciotaíl agus ag brú Shinéad chun tosaigh.

‘Hé, a Bhabe,’ a deir Breandán. Chaith sé féin agus Sinéad cúpla nóiméad i bhfostú ina chéile.

‘Gabh i leith uaibh,’ a deirimse. Theannamar isteach ar an slua agus sheasamar ar ladhracha go dtí go rabhamar chun tosaigh. Níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Bhí téip dhearg agus bhán thart ar an bhfoirgneamh leathleagtha, agus fógraí móra ar gach aon taobh de. Bhí gach aon cheann de na litreacha beagnach trí troithe ar airde agus ní fhéadfá a ligean ort féin nach bhfaca tú iad.

Agus murar leor an méid sin, bhí Paddy Ó Murchú, duine de na Gardaí áitiúla, ina sheasamh ansin ag breathnú chomh sásta le cat a mbeadh póca air. Bhí na turasóirí uile ag iarraidh caint a bhaint as, rud a chuir an-áthas air; b’fhearr i bhfad a bheith anseo ná a bheith ag stiúradh tráchta i gCill Tíomóin.

‘’Phaddy,’ a deir Diarmaid in ard a chinn. ‘Scaoilfidh tú isteach muid?’

‘Ní scaoilfead,’ a deir Paddy. Bhí sé ag baint sásaimh as seo freisin.

‘Cé mhéad corp atá ann?’ a deir Seán.

‘Ní fhéadfaidh mé a rá,’ a deir Paddy, agus straois air.

‘Two bodies,’ a deir Gearmánach sa slua. Shín sé dhá mhéar san aer ar fhaitíos nach raibh Béarla againn.

‘Cnámharlaigh atá iontu, an ea?’ a deir Breandán in ard a ghutha.

Bhí gach uile dhuine ag iarraidh freagra na ceiste seo a chloisteáil agus leath tost ar an slua...

 

 


Irish language children's story published January 2007 by An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1,

Home|Biography|Books|Message Board|Story Club|Buy|Worksheets